Gradaim ceoil nos.ie

Níl ach seachtain amháin fágtha chun vóta a chaitheamh sa chomórtas don ghradam Fhéile na Bliana, ceann de na gradaim a bheidh á bhronnadh ag an iris ar líne nos.ie Tá Gradaim NÓS á eagrú don dara bhliain as a chéile agus is é an 12 Eanáir an spriocdháta chun vóta a chaitheamh. Is féidir leat do vóta a chaitheamh ag www.nos.ie/gradaim-nos-2017/

Tá breis agus 60 iontráil ar an liosta do na gradaim ina iomlán agus iad seo roinnte sna rannóga seo leanas: Amhrán na Bliana; Albam na Bliana (Nuacheol ); Albam na Bliana (Amhráin thraidisiúnta ); Físeán na Bliana; Nuíosach na Bliana; Banna/Ceoltóir na Bliana; agus Féile na Bliana.

Tá leithéidí Aeons, Eve Belle (buaiteoir na catagóire seo anuraidh ), IMLÉ, Spats Colombo agus JJ Ó Dochartaigh ainmnithe don amhrán nua is fearr, rannóg a mheall 30 iontráil ina iomlán.

Is sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath ar Dé hAoine 20 Eanáir a fhógrófar na buaiteoirí agus tá fáilte mhór chroíúil roimh chách ag an ócáid sin.

 

Page generated in 0.3777 seconds.