Uachtarán na hÉireann ag seoladh Togra do Chathair Dhátheangach i gComhairle Cathrach na Gaillimhe

Seolfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, Togra do Chathair Dhátheangach do Chathair na Gaillimhe mar chuid de chlár imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2016 i gComhairle Cathrach na Gaillimhe 2016. Freastalóidh an tUachtarán ar Chruinniú Speisialta ar an 7 Márta leis an togra a sheoladh.

Tá súil leis go mbainfidh an togra le gach earnáil sa phobal i gCathair na Gaillimhe le togra inbhuanaithe dátheangach a chur chun cinn, a bhfuil sé mar aidhm aige an leibhéal dátheangachais a fhorbairt agus a fheabhsú i gCathair na Gaillimhe. Ghlac Baill Thofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le rún a mhol an togra ar an 4 Meán Fómhair 2015.

Tá obair tosaithe ar Choiste Stiúrtha a chur le chéile agus aontófar Téarmaí Tagartha na Choiste, agus déanfar maoirsiú ar fheidhmiú an togra mar chuid de sin. “Tá an togra seo ar an gcéad cheann dá leithéid in Éirinn, agus tá an-bhród ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe as a bheith páirteach ann.

Tugann sé deis luachmhar dúinn cruth a chur ar an dátheangachas agus a brí a thabhairt do céard atá i gceist leis an dátheangachas do mhuintir Chathair na Gaillimhe” a deir Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Frank Fahy. “Beimid ag féachaint ar eiseamláirí eile dea-chleachtais sa dátheangachas le cinntiú go mbeidh spriocanna sainithe agus deimhnithe ag an togra seo agus nach béalghrá a bheas ann”.

“Tá súil againn go mbeidh rannpháirtíocht ann ó gach sciar den phobal agus go gciallaíonn sé sin gur obair cheannródaíoch a bheas anseo agus go bhféachfar air mar shampla den dea-chleachtas ar féidir le cathracha eile aithris a dhéanamh air,” a deir Oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Ailish Bhreathnach.

“Ba mhaith linn oibriú go dlúth le gach páirtí leasmhar le creatlach a fhorbairt, atá bunaithe ar fheidhmiú céimnithe beart, leis an togra seo a chur chun cinn”. Tosóidh an Cruinniú Speisialta Comhairle ar a 16:45.

 

Page generated in 0.3622 seconds.