Síoga i gCeardlann an Spidéil

Tá feachtas Nollaig álainn, Doirse na Sióga, tosaithe ag Ceardlann An Spidéil agus iad ag tabhairt cuiridh do chuairteoir páirt a ghlacadh sa spraoi trí iarracht a dhéanamh teacht ar na trí dhoras shiógacha atá i bhfolach sna siopaí i gCeardlann an Spidéil. Nuair a bhíonn na doirse aimsithe acu ní mór dóibh marc a chur leis an doras ar an mapa taisce agus ansin do mhapa a thabhairt chuig caifé agus bácús an Bhuilín Blasta. Tabharfaidh siadsan lipéad méine agus seacláid the in aisce duit. Ansin nuair atá do mhian scríofa agat, croch ar an gcrann méine é do na sióga. Aimseoidh na sióga é i gcaitheamh na hoíche agus gheobhaidh tú breith do bhéil féin.

Céard eile a bheith de dhíth ort agus séasúr na Nollag buailte linn.

Gach eolas ó Cheardlann An Spidéil, [email protected] nó Gearóid ag 087 2359756

 

Page generated in 0.3641 seconds.