Sladmhargadh Nollag Chló Iar-Chonnachta

Tá sladmhargadh Nollag Chló Iar-Chonnachta faoi lán sheol ó thús na seachtaine seo caite agus leanfaidh sé go dtí Dé Céadaoin 23 Nollaig. Tá réimse leathan leabhair do pháistí, do léitheoirí óga agus do dhaoine fásta ar fáil, chomh maith le scoth an cheoil traidisiúnta. Mar chuid den sladmhargadh tá lacáistí suas le 50% le fáil ar leabhair agus dlúthdhioscaí

Beidh Siopa Chló Iar-Chonnacht, i bPáirc Ghnó Shailearna in Indreabhán, ar oscailt ó Luan go hAoine, ó 9.30in go 4.00in le laethanta breise siopadóireachta ar an Satharn agus Domhnach roimh Nollaig. Is féidir brabhsáil ar líne freisin ar www.cic.ie nó is féidir d’ordú a dhéanamh ar an bhfón ag 091 593307.

 

Page generated in 0.3793 seconds.