Dioplóma Iarchéime ag Europus

Sa bhreis ar na cúrsaí nua atá le heagrú faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge tá Dioplóma Iarchéime/MSc/Teastas i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán á reáchtáil ag Europus i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus GMIT.

Is Cúrsa 6 mhí atá i gceist leis an gcúrsa Dioplóma agus beidh sé lonnaithe i gCarna i gConamara agus cuirfear tús leis ar an 19 Deireadh Fómhair.

Cuirfear agallamh agus scrúdú scríofa ar iarrthóirí agus déanfar roghnú randamach i gcás go bhfuil an iomarca iarrthóirí.

Is féidir iarratais a sheoladh chuig  Europus, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe agus tá gach eolas lé fáil ó Europus ag 091 595492 nó [email protected].

 

Page generated in 0.3348 seconds.