Cúrsaí nua tríú leibhéil

Mar chuid den phróiseas chun deireadh a chur le maolú na Gaeilge san AE tá sraith chúrsaí tríú leibhéal ceadaithe ag an Aire Stáit  do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge. Cuirfear sraith sainchúrsaí i nGaeilge ar fáil a bheidh dírithe ar riachtanais institiúidí an AE do phoist a dteastaíonn ardchumas Gaeilge ina leith. Tá costas measta de €4.7m, thar thréimhse ocht mbliana, i gceist leis na cúrsaí éagsúla agus cuirfear tús leis an gcéad shraith sa bhliain acadúil 2015/16.

Tá an tionscnamh athbhreithnithe dírithe ar an ráta ratha i gcomórtais earcaíochta an Aontas Eorpaigh a fheabhsú agus céimithe a sholáthar d’fhostaíocht sna hinstitiúidí Eorpacha. Beidh fócas ar inniúlacht i dtrí theanga oifigiúla de chuid an AE mar ghné lárnach den chur chuige nua.

Ag fógairt na socruithe nua, dúirt an tAire Stáit: “Tá mé muiníneach go gcuideoidh an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge athbhreithnithe le cur chuige straitéiseach agus comhordaithe don earnáil thríú leibhéal trí Ghaeilge a fhorbairt i gcomhréir leis na haidhmeanna atá sonraithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Beidh sraith de 15 shainchúrsa á gcur ar fáil ag 9 n-institiúid thríú leibhéal agus beidh deis ag tuairim is 700 mac léinn cáilíochtaí ag leibhéal dioplóma, céime, ard-dioplóma agus máistreachta a ghnóthú thar thréimhse ocht mbliana. Le cur i bhfeidhm mholtaí an athbhreithnithe, beidh deis níos fearr ag céimithe le Gaeilge poist a aimsiú sna hinstitiúidí Eorpacha.”

 

Page generated in 0.3493 seconds.