Boicíní Bhóthar Kilburn sa Taibhdhearc

LÉIREOIDH AISTEOIRÍ an Spidéil Boicíní Bhóthar Kilburn sa Taibhdhearc ar an Satharn seo, 10 Eanáir. Is leagan Gaeilge a rinne Mícheál Ó Conghaile de The Kings of Kilburn High Road le Jimmy Murphy, an dráma seo a bhfuil an imirce agus torthaí na himirce mar chroíthéamaí ann.

Seo scéal faoi chúigear as Conamara a d’imigh go Sasana cheal oibre sna hochtóidí, rún acu ar fad filleadh ar an bhfód dúchais ach de bharr cúinsí éagsúla níor tharla sin. Faigheann an séú fear a bhí sa mbuíon bás agus tá an dráma suite i gcúl seomra theach ósta áit ar chruinnigh an cúigear ag sochraid a gcaraid. Nochtar fírinne agus fíricí le linn an tráthnóna tré chomhráítí a bhíonn crua, míthrócaireach, garbh scaití agus barúil, séimh, tuisceannach scaití eile.

“Beidh tú maraithe ag gáirí, más gáire dóite féin é; caochfar le gráiscínteacht agus eascaine thú, beidh deora leat ag truamhéile a saoil,” dúírt an léirmheastóir Máire Ní Fheinneadha, “beidh mórtas ort faoin éacht atá déanta ag criú an Spidéil agus ag an aistritheoir cead a gcuid cainte féin a thabhairt don chuid bheag seo den Diaspora nach slánódh coinneal i bhfuinneog Áras in Uachtaráin.

“Is iad ár muintir féin atá ar an ardán; aithneoidh tú iad agus beidh tuiscint níos fearr agat orthu ag deireadh na hoíche agus ní beag sin ag aon dráma. Is fiú duit a ghabháil ann.”

Is iad Seán Ó Coistealbha, Seán Ó Neachtain, Peadar Ó Treasaigh, Séamus Ó Scanláin, agus Mike P Ó Conaola an cliar, aisteoirí a bhfuil seanaithne orthu sa Spidéal agus níos faide i gcéin agus neart bainte amach acu go dtí seo ach seans gurb é seo an deis ‘ensemble’ is breátha dá bhfuair siad fós. Is é Peadar Ó Treasaigh a léirigh an dráma agus thug Pauline Nic Con Aonaigh an-tacaíocht dó.

Is féidir ticéid a chur in áirithe ach glaoch ar an Taibhdhearc (091 - 563600, [email protected] ).

 

Page generated in 0.1191 seconds.