Boicíní Bhóthar Kilburn

LÉIREOIDH AISTEOIRÍ an Spidéil Boicíní Bhóthar Kilburn sa Spidéal i dTír an Fhia agus i nGailimh i rith mhí na Nollag agus mhí Eanáir.

Bhain an dráma stáitse The Kings of Kilburn High Road an-cháil amach don drámadóir Jimmy Murphy nuair a léireoidh ar dtús é i mbliain an 2000. Rinne Mícheál Ó Conghaile leagan Gaeilge de agus thug cúlra Conamarach do na carachtair. Stiúraigh Tom Collins an scannán KINGS, scannán dátheangach den dráma, an chéad scannán le Gaeilge a fuair ainmniúchán do ghradam Oscar.

Sé Peadar Ó Treasaigh stiúrthóir an léirithe seo agus tá cliar láidir a bhfuil seans aithne ag lucht leanta Aisteoirí an Spidéil orthu ag tacú leis. Beidh Seán Ó Coistealbha, Maidhc P Ó Conaola, agus Peadar ó Treasaigh ann agus tá Seán Ó Neachtain ar ais ar an ardán arís. Beidh Séamas Ó Scanláin fear nuachta TG4 leo chomh maith.

I gColáiste Chonnacht a bheas sé ar an 6 agus 7 Nollaig agus i dTír an Fhia ar an 14 Nollaig. Beidh deis ag pobal na gaillimhe an dram a fheiceáil sa Taibhdhearc ar an 10 Eanáir (091 - 562024, [email protected] ).

 

Page generated in 0.1576 seconds.