Ranganna Gaeilge an Earraigh

Cuirfear tús leis an gcéad shraith ranganna Gaeilge eile in Áras na nGael ar oíche Luain 27 Eanáir. Is féidir clárú ar líne ag www.arasnangael.ie

Beidh ranganna Gaeilge ar siúl i roinnt ionad eile ar fud an chontae chomh maith le himeachtaí eile chun deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí úsáid a bhaint as an méid atá á fhoghlaim acu.

Chomh maith le ranganna an Earraigh tá amchlár ullmhaithe ag Conradh na Gaeilge do na ranganna ar fad do 2014, ina measc na dianchúrsaí éagsúla a bhíonn á reáchtáil acu.

Beidh an Conradh ag leanúint freisin leis an teagmháil le hOllscoil Mhá Nuad maidir leis an gcáilíocht atá á reáchtáil ag an Ollscoil i dtaobh na Gaeilge. Ag éirí ón gcomhoibriú seo beidh deis ag na daoine atá ag freastal ar ranganna an Chonartha scrúdú a dhéanamh chun cáilíocht Eorpach a bhaint amach, más mian leo é sin a dhéanamh.

Gach eolas ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh, 091 567824, nó [email protected].

 

Page generated in 0.1243 seconds.