Troid ar son chearta teanga

Is i Halla na Saoirse a thionólfar an cruinniú poiblí atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo chugainn, 11 Eanáir, chun troid in aghaidh na hionsaithe atá á dhéanamh ag an Rialtas ar chearta na Gaeilge. Cuirfear tús leis an gcruinniú ag 12.00 meán lae.

Ag an gcruinniú beidh na héilimh seo leanas á chur chun cinn ag Conradh na Gaeilge: Láidriú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga; Atheagar iomlán ar pholasaí earcaíochta an stáit le go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag 30% de státseirbhísigh nua; Deireadh a chur le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach; Struchtúr a bhunú mar chuid de Phlean 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge chun guth a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó dheas agus an Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh; Seirbhísí á chur ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta; Maoiniú ceart a chur ar fáil do na forais le freagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Tá an cruinniú oscailte don phobal agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ó 091 567824.

 

Page generated in 0.3473 seconds.