Scéal Mhám Trasna ar líne

Tá fáil anois ar bhailiúchán stairiúil de thaifid stáit maidir le dúnmharaithe Mhám Trasna agus crochadh Mhaolra Seoighe. Is féidir na doiciméid a fheiceáil i rannóg na cartlainne den suíomh www.anghaeltacht.net/mam1882

An Chartlann Náisiúnta a chur cóipeanna de na taifid ar fáil agus ina measc tá, an chéad teileagram a thug faisnéis faoi na dúnmharuithe, a seoladh ó stáisiún an RIC i gConga chuig Caisleán Bhaile Átha Cliath, chomh maith le teileagram ó Fhear Ionad na Banríona, an tIarla Spenser, sa Vice Regal Lodge, Baile Átha Cliath (Áras an Uachtaráin inniu ) chuig gobharnóir phríosún na Gaillimhe ag diúltú do na hachomhairc agus ag treorú Maolra Seoighe a chrochadh. Dhearbhaigh sé sa teileagram sin: “The law must take its course”.

Tá litir ó bhean chéile Maolra Seoighe ag impí go saorfaí a fear céile le feiceáil freisin ar an suíomh idirlín chomh maith le deimhniú ó ghobharnóir phríosún na Gaillimhe ar an 15 Nollaig 1882 chuig na húdaráis chuí gur chrochadh an triúr príosúnach, Maolra Seoighe san áireamh, níos luaithe sa lá. Tá cóip le feiceáil freisin de thuairisc ón gcoiste cróinéara ar bhás Mhaolra Seoighe chomh maith le go leor doiciméid stairiúla eile.

“ Tá muid go mór faoi chomaoin ag an gCartlann Náisiúnta as na taifid seo a chur ar fáil dúinn agus measaimid go mbeidh spéis an-mhór go deo iontu ag aon duine ar suim leo cás truamhéalach Mham Trasna” a dúirt Breandán Ó hEaghra ó Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe, duine acusan atá gníomhach in eagrú na hócáide i gcuimhne ar Mhaolra Seoighe ar an Satharn 15 Nollaig.

 

Page generated in 0.3189 seconds.