Oireachtas na Samhna

Beidh na mílte ag tabhairt aghaidhe ó thuaidh ar Leitir Ceanainn an deireadh seachtaine seo, áit a bhfuil an tOireachtas faoi lán seoil. Mura bhfuil tú in ann taisteal beidh neart de na himeachtaí le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta agus le feiceáil ar TG4.

San oíche anocht, Déardaoin, craolfar comórtais cháilithe d’amhránaithe faoi 35 beo ar RnaG ag tosú ag 7.00in. Amárach, Dé hAoine, beidh dá uair an chloig den cheol agus den chraic is fearr ón Oireachtas á craoladh ar an gclár Rónán Beo @3, le ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí, lucht eagraithe na féile, lucht lúibíní, aisteoirí, siamsóirí, agus ní fios cé eile le cloisteáil ar an gclár. San oíche amárach freisin craolfar comórtas sean-nóis na bhFear agus na mBan beo ó Óstán an Mount Errigal, ag tosú ag 7.00in.

Is ar an Satharn atá péire de bhuaicphointí an Oireachtais, an Comórtas Damhsa ar an Sean-Nós a bheidh á chraoladh ar TG4 agus Corn Uí Riada, á chur i láthair ag Máirtín Tom Sheáinín ar RnaG ag tosú 7.00in.

 

Page generated in 0.3236 seconds.