Bille na Gaeltachta achtaithe

Achtaíodh Bille na Gaeltachta Déardaoin seo caite i ndiaidh don fhreasúra siúl amach as an Dáil, i bhfianaise nach raibh sé i gceist ag an Aire Gaeltachta Dinny McGinley, glacadh le haon cheann de bhreis agus 150 leasú a bhí molta acu ar an mbille. Seo an chéad uair le fada an lá nach raibh aontacht sa Dáil ar cheist na Gaeilge, ach theip ar Fhine Gael agus páirtí an Lucht Oibre an aontacht sin a bhaint amach toisc gur dhiúltaigh siad glacadh le hoiread is leasú amháin don Bhille.

Mar thoradh ar seo tá bille achtaithe atá thar a bheith lochtach agus bille nach gcabhróidh le buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht. Drochlá don Ghaeltacht agus don Ghaeilge ab ea Déardaoin an 19 Iúil.

Ó foilsíodh An Bille Gaeltachta 2012 i lár na míosa seo caite tá stocaireacht déanta ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta chun reachtaíocht níos láidre a chinntiú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí leasuithe éagsúla a mholadh leis an bhfreasúra agus leis an Rialtas araon. Cé gur léirigh an freasúra agus baill de pháirtithe an Rialtais tacaíocht do thromlach na moltaí de chuid na n-eagras pobail, i gcás bhaill Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre, thug Teachtaí agus Seanadóirí an Rialtais le fios go raibh an cinneadh déanta, nach raibh smacht acu ar an scéal, agus nach raibh an Rialtas chun glacadh le leasú ar bith ar an mBille Gaeltachta 2012.

Dúirt Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta: "Léiríonn gach céim den phróiseas seo go bhfuil easpa daonlathais agus easpa comhairliúcháin i gceist leis an mBille Gaeltachta 2012, reachtaíocht atá in ainm 's freastal ar riachtanais an phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta ach a dhéanann neamhaird iomlán ar thuairimí, ar mholtaí agus ar leasuithe an phobail chéanna.”

 

Page generated in 0.3202 seconds.