Ceardlann le Patricia Forde

Is é Dé hAoine 20 Aibreán an spriocdáta le hiarratas a dhéanamh chun áit a bhaint amach ar an gceardlann atá a eagrú ag Futa Fata maidir le leabhair chaibidle a fhorbairt agus a scríobh. Roghnófar seisear scríbhneoir le freastal ar an gceardlann agus cuirfear scéala chuig iarrthóirí roimh Dé hAoine 4 Bealtaine.

Tá an cheardlann á eagrú le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta agus beidh sé ar siúl ón 24 – 26 Bealtaine in Ósta an 12, Bearna. Níl aon chostas ar an gceardlann agus beidh an chéad rogha ag Futa Fata maidir le scéal ar bith a ndéanfar forbairt air ag an gceardlann a fhoilsiú.

Ní mór d’iarrthóirí trí cinn de smaointe a sheoladh, ar ríomhphost amháin, chuig [email protected].

Sí Patricia Forde a bhéas mar theagascóir ar an gceardlann seo. Tá réimse leathan leabhar foilsithe ag Patricia. Is iad na cinn is deireanaí dá cuid ná Frogs do not like Dragons agus Hedgehogs do not like heights, (Egmont, Londain ) chomh maith le Cití Cearc agus Binjí – Madra ar Strae (Futa Fata ). Tá go leor scríofa aici freisin don teilifís, ina measc, Ros na Rún, Fair City, agus an dá shraith, ar bronnadh gradaim IFTA orthu, Seacht agus Aifric.

Is ar leabhair chaibidle do léitheoirí 7 - 9 mbliana a dhíreofar an cheardlann seo. D’éirigh go hiontach leis an dá cheardlann dheireanacha a d’eagraigh Futa Fata le cúpla bliain anuas. Ag eascairt as na seisiúin sin foilsíodh sé phictúirleabhair go dtí seo agus tá cúpla ceann eile ar na bacáin. Ó shin tá aistriúchán déanta ar chuid de na leabhair seo agus fáil orthu sa tSín, sa Chóiré, in Albain agus san Afraic Theas.

 

Page generated in 0.2851 seconds.