Tacaíocht phoiblí do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh

Tá dúshlán an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD, tugtha ag cúigear Theachta Dála Gaillimh Thiar agus iad ag iarraidh a fháil amach cén fáth a bhfuil Gaelscoil Mhic Amhlaigh fágtha ar lár ón liosta scoileanna atá le maoiniú faoi phlean thógála na Roinne ó seo go dtí 2015. Tá na Teachtaí Dála i measc liosta iomlán de 13 ionadaithe poiblí a shínigh litir chuig an Aire Ruairí Quinn ag éilimh go gcuirfear maoiniú ar fáil don scoil.

Tá an beartas nua ag teacht sna sála ar chruinniú tacaíochta don scoil, cruinniú a mheall breis agus 600 duine chuig Óstán Bhóthar na Trá an tseachtain seo caite.

Chuala an cruinniú go raibh an-chuid obair ullmhúcháin déanta ag an scoil chun síneadh a chur leis an scoil agus cóiríocht bhuan a chur ar fáil do 200 páiste. Dúradh go raibh an scoil réidh le tairiscintí tógála a lorg ach gur tharraing an Roinn Oideachais siar ón tionscnamh ag an nóiméad déanach i mí Eanáir.

Ábhar mór sásamh a bhí sa slua mór a d’fhreastail ar an gcruinniú poiblí dar le Dairíona Nic an Iomaire, príomhoide na scoile. Ag trácht ar an tacaíocht seo dúirt sí freisin, “Laistigh de 10 lá, shínigh breis agus 3,000 de shaoránaigh na Gaillimhe achainí chun an cinneadh a athrú. Tá 12 bliain caite againn ag feitheamh, tá gach céim sáraithe againn agus ní bheidh an scéal seo ag dul a chodladh. Má tá an Rialtas dáiríre maidir lena ndílseacht do pháistí, don oideachas, do chruthú todhchaí níos folláine agus cosaint na Gaeilge féin, tá dualgas orthu gníomhú láithreach.”

 

Page generated in 0.3372 seconds.