Sraith ranganna Gaeilge an earraigh

Cuirfear tús leis an gcéad shraith ranganna Gaeilge eile in Áras na nGael ar oíche Luain 23 Eanáir. Tá ranganna á gcur ar fáil ag 7 leibhéal éagsúla agus is féidir clárú ar líne do na ranganna tríd an suíomh www.cnag.ie Beidh ranganna Gaeilge ar siúl i roinnt ionad eile ar fud an chontae chomh maith le himeachtaí eile chun deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí úsáid a bhaint as an méid atá á fhoghlaim acu.

Chomh maith le ranganna an earraigh tá amchlár ullmhaithe ag Conradh na Gaeilge do na ranganna ar fad do 2012, ina measc na dianchúrsaí éagsúla a bhíonn á reáchtáil acu.

Beidh an Conradh ag leanúint freisin leis an teagmháil le hOllscoil Mhá Nuad maidir leis an gcáilíocht atá á reáchtáil ag an ollscoil i dtaobh na Gaeilge. Ag éirí ón gcomhoibriú seo beidh deis ag na daoine atá ag freastal ar ranganna an Chonartha scrúdú a dhéanamh chun cáilíocht Eorpach a bhaint amach, más mian leo é sin a dhéanamh.

Gach eolas ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh, (091 ) 567824, nó [email protected]

 

Page generated in 0.2997 seconds.