Comóradh an Chlub

Bhailigh breis agus 200 duine le chéile an deireadh seachtaine seo caite chun ceiliúradh a dhéanamh ar Chlub Árus na nGael agus an club ag comóradh 25 bliain ar an saol. Tháinig siad ó fud fad na tíre, ó Albain agus ón mBruiséil le bheith i láthair don oíche cheiliúradh agus is cinnte go ndearna siad ceiliúradh breá ar an ócáid.

I ndiaidh do Pháidí Breathnach agus a chairde tús a chur le cúrsaí ceoil i mbeáir an chlub, leanadh ansin le ceolchoirm sa marquee a bhí feistithe ar chúl Áras na nGael, lena ceoltóirí iomráiteach Liam Ó Maonlaí agus Rónán Ó Snodaigh ar stáitse. Ní fada go raibh Liam agus Rónán i mbun a chuid ceol draíochta go raibh an slua amuigh ar an urlár.

Tá coiste eagraithe na hócáide seo thar a bheith buíoch do gach dream a thug tacaíocht dóibh leis an oíche a eagrú agus dúirt siad go raibh súil ag an gClub leanúint ag cur ionad siamsaíochta ar fáil do phobal Gaeilge na Gaillimhe.

 

Page generated in 0.3456 seconds.