Campaí Samhraidh do pháistí i gContae na Gaillimhe

Tá clár na bliana de Champaí Samhraidh Chonradh na Gaeilge i gContae na Gaillimhe, campaí atá á reáchtáil do dhaoine óga, seolta anois. Beidh campaí samhraidh ar siúl ar fud Chontae na Gaillimhe le linn mhí Iúil agus Lúnasa. Tá méadú ollmhór tagtha ar na campaí seo le dornán blianta anuas de bharr na deise a thugann na campaí do pháistí spraoi agus taitneamh a bheith acu agus iad ag freastal ar champa trí Ghaeilge.

Tá formhór na gcampaí dírithe ar pháistí idir 8 mbliana agus 14 bliana d’aois, ach tá roinnt ceantair freisin atá ag díriú ar pháistí idir 5-7 mbliana d’aois. Reáchtálfar imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge idir ceol, drámaíocht, spórt, agus ealaín mar aon le ranganna Gaeilge. Le linn na gcampaí samhraidh seo bíonn na páistí in ann sult agus spraoi a bhaint as foghlaim agus labhairt na Gaeilge.

Tosaíonn na campaí ag a 10.00rn gach maidin agus leanann siad ar aghaidh go dtí 3.00in. Is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Dominic, Gaillimh, ag (091 ) 567824, [email protected]

 

Page generated in 0.3108 seconds.