I gcuimhne far an leaid rua

Seoladh The Blue-Eyed Boy, In Memory of an Leaid Rua an tseachtain seo caite sa Scoil Chuimsitheach an Cheathrú Rua. Seo leabhar a bhí curtha le chéile mar thionscadal idirbhliana sa rang Béarla i gcuimhne ar scoláire, Micheál Rua Seoighe, a maraíodh go tubaisteach i mí na Samhna 2009. Ba é Seán Mac Donncha, leasphríomhoide na scoile, a sheol an leabhar agus ba í Fiona de Paor, an múinteoir Bhéarla, a bhí i gceannas ar an rang idirbhliana.

Is é Seán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga a scríobh an réamhrá don leabhar agus tá an leabhar féin bunaithe ar dhánta a roghnaigh duine is fiche as ceantar Chonamara, agus iad ag tabhairt na fáthanna ar roghnaigh siad gach dán. I measc iad siúd atá i gceist tá Éamon Ó Cuív, Bob Quinn, Tomás Mac Con Iomaire, Joe Steve Ó Neachtain, An tAth Mícheál Ó Braonáin, An tAth Éamonn Ó Conghaile, Rónán Ó Domhnaill, agus Beairtle Ó Domhnaill.

Tá an leabhar ar fáil anois, luach €8 sna siopaí áitiúla.

 

Page generated in 0.3280 seconds.