Filí Bhéal Átha na mBuillí

Tá sé in am arís ag filí na hÉireann agus na hAlban dul i mbun a gcuid saothar a sheoladh ag ceann de chomórtais mhóra na hEorpa. Cé gur i mbaile beag i gContae Ros Comáin atá an comórtas lonnaithe, bíonn filí an domhain mhóir istigh ar Chomórtas Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí.

Duaiseanna €15,000 san iomlán a bhíonn i gceist, san áireamh €4,000 do bhuaiteoir an chomórtais Bhéarla, agus duais den mhéid céanna ar an dán Gaeilge is fearr, i nGaeilge na hÉireann, sa Gháidhlig nó sa Mhanannais.

Is é an t-eagras idir-Cheilteach Colmcille a dhéanann urraíocht ar an duais deiridh seo, agus ar an dara agus ar an tríú duais de €2,000 agus €1,000 chomh maith. Sa bhreis ar seo íocfar táille thaistil agus léitheoireachta de €400 le triúr eile fós a bhaineann áit amach ar an ngearrliosta.

Is féidir eolas breise agus foirm iontrála a fháil ó www.strokestownpoetry.org agus is cóir iontrálacha, ach gan iad a bheith níos faide ná 70 líne, a sheoladh ar aghaidh roimh Dé Luain 24 Eanáir 2011.

 

Page generated in 0.3124 seconds.