Oíche na bhfoghlaimeoirí

Tá na spásanna deireanacha á líonadh faoi láthair i ranganna Gaeilge Chonradh na Gaeilge, a bheidh ag tosú ar an Luan 24 Eanáir. Is féidir eolas a fháil ach glaoch ar (091 ) 567824 nó is féidir clárú ar líne chomh maith ag www.cnag.ie Más duine thú atá ag freastal ar ranganna Gaeilge nó má tá tú ag iarraidh an teanga a labhairt agus cur le do stór focail ba chór cuairt a thabhairt ar Oíche na bhFoghlaimeoirí i gClub Áras na nGael. Bíonn an ócáid seo á reáchtáil gach oíche Chéadaoin ag Conradh na Gaeilge chun deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí bualadh le chéile i gcomhluadar foghlaimeoirí eile agus taitneamh a bhaint as ócáid shóisialta spraíúil trí Ghaeilge. Is í Eilís Ní Dhúil bean an tí na hócáide agus cinntíonn sí go mbíonn gach duine ar a suaimhneas agus bíonn sí ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt mar is gá.

Cuirtear tús leis an oíche ag 9.15in agus tá sé saor in aisce. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar (091 ) 567824 nó [email protected]

 

Page generated in 0.3142 seconds.