Comórtas na Nollag Lár Sráide

Tá seachtain eile agaibh chun iarratas a dhéanamh ar chomórtas na Nollag Lár Sráide. Tá lear mór duaiseanna againn i mbliana, urraithe ag Cló Iar-Chonnachta Teo, Gael Linn, Cló Mhaigh Eo, Raidió na Gaeltachta, TG4, Móinín, agus Conradh na Gaeilge. Is iad seo a leanas na ceisteanna.

1. Cén comórtas idirnáisiúnta spóirt a bheidh ar siúl sa Nua Shéalainn an bhliain seo chugainn?

2. Ainmnigh an seanadóir a thóg cás cuairte in aghaidh an Rialtais faoin mhoill maidir le heagrú fothoghcháin i nDún na nGall don suíochán dála a bhíodh ag Pat the Cóip Ó Gallchóir?

3. Cén t-ainm atá ar an gclár raidió Gaeilge a chraoltar gach oíche Mháirt ar Galway Bay FM?

4. Ainmnigh an t-aisteoir cáiliúil as Tuar Mhic Éadaigh a bhásaigh níos luaithe i mbliana?

5. Cén t-ainm atá ar an ngrúpa a bheidh mar phríomhghrúpa ceoil ag féile cheoil Chaisleán Sláine an bhliain seo chugainn?

6. Cén t-ainm atá ar an nuachtán Gaeilge nua a tháinig ar an saol i mbliana?

7. Cén ceoltóir traidisiúnta a ndéantar ceiliúradh air ag féile i Sráid na Cathrach, Contae an Chláir gach samhradh?

8. Ainmnigh an t-imreoir ar fhoireann iománaíochta na Gaillimhe a bhuaigh gradam All Star i mbliana?

9 Cén t-ainm atá ar bhainisteoir nua fhoireann pheile na Gaillimhe?

10. Ainmnigh an t-aisteoir atá i bpáirt Tadhg i Ros na Rún?

Tá go dtí Dé hAoine 7 Eanáir agaibh le bhur bhfreagraí a sheoladh ar ais chuig Lár Sráide, Conradh na Gaeilge, 45 Sr Doiminic, nó chuig [email protected]

 

Page generated in 0.3456 seconds.