Damhsa ar an sean-nós sa Chlub

Cuirfear tús le ranganna damhsa ar an sean-nós Chlub Áras na nGael ar Dé Luain seo chugainn 13 Meán Fómhair agus is é Pádraig Ó hOibicín a bheidh ag múineadh na stepanna arís i mbliana.

Tá ard-cháil ar Phádraig agus ar na ranganna seo agus bíonn an-rath orthu, le idir shean agus óg ag glacadh páirte iontu. Chomh maith le céimeanna snasta a fhoghlaim bíonn go leor spraoi i gceist freisin.

Beidh ranganna do thosaitheoirí ag tosú ag 7.00in, rang d'fhoghlaimeoirí a bhfuil níos mó taithí acu ag 8.00in, agus beidh rang do dhaoine atá ag iarraidh barr feabhas a chur ar an méid atá ar eolas acu cheana féin ag tosú ag 9.00in.

Chomh maith leis seo tá súil le ceardlanna agus oícheanta speisialta rince ar an sean-nós a reáchtáil arís i rith na bliana.

Is costas €90 atá i gceist do shraith 10 rang. Is féidir clárú ar líne ag www.cnag.ie nó teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge ag (091 ) 567824 nó [email protected].

 

Page generated in 0.3452 seconds.