Ranganna Gaeilge an fhómhair

An bhfuil tú ag iarraidh cur le do chumas Gaeilge? Ar mhaith leat cur le do stór focail, nó muinín níos mó a bheith agat agus tú ag plé cúrsaí an tsaoil i nGaeilge? Nó b’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh cáilíocht fhoirmiúil, ar nós Teastas Eorpach na Gaeilge, a bhaint amach?

Tá Conradh na Gaeilge ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge ag 7 leibhéal éagsúil an fhómhair seo. Leis an réimse ranganna seo is cinnte go mbeidh rang ann atá oiriúnach do chách.

Beidh na ranganna go léir ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair go leith gach seachtaine oíche amháin sa tseachtain ar feadh tréimhse 10 seachtain. Tosaíonn na ranganna ar 27 Meán Fómhair agus tá costas réasúnta, €145, ag baint leo.

Chomh maith lena ranganna oíche beidh ranganna ar siúl ar maidin freisin chun deis bhreise a thabhairt don phobal freastal ar rang Gaeilge.

Is féidir clárú ar líne ag www.cnag.ie, nó má theastaíonn foirm iarratais nó tuilleadh eolais uait is féidir é sin a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh ag (091 ) 567824 nó [email protected]

 

Page generated in 0.2991 seconds.