Tionól Gaeltachta i nGaoth Dobhair

Beidh cuairt ar Oileán Thóraí, faoi threoir Rí an Oileáin, Patsy Dan Mac Ruairí, ar cheann de bhuaicphointí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl ón 1 – 4 Iúil i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill.

Cuirfear tús leis an tionól in Óstán Gaoth Dobhair tráthnóna Déardaoin, 1 Iúil, agus cuirfidh an ócáid seo tús le deireadh seachtaine d’imeachtaí a thabharfaidh deis do chuairteoirí eolas a chur ar an gceantar chomh maith le scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as an saol. Dóibh siúd atá níos aclaí, tá siúlóid sléibhe i measc an réimse breá imeachtaí breise ar féidir leo tabhairt faoi mar chuid den tionól. Díreofar ar chuid d’fhadhbanna an ceantar Gaeltachta seo freisin agus san oíche Shathairn reáchtálfar seimineár dar teideal Céard is Gaeltacht San 21ú hAois, ina ndéanfar scrúdú ar staid na Gaeltachtaí trí chéile agus caithfear súil freisin ar an tsamhail Ghaeltachta atá luaite i ndréachtstraitéis 20 bliain an Rialtais.

Tá pacáiste speisialta curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin go dtí an Domhnach, béilí tráthnóna, turas ar Oileán Thóraí, seimineár, dráma, agus na himeachtaí sóisialta ar fad. Tá an pacáiste seo ar fáil ar €230 agus is féidir eolas breise a fháil agus clárú don Tionól ag www.cnag.iewww.tionol.com

 

Page generated in 0.3339 seconds.