Siobhán Seoighe Bainisteoir Rith2010

Proust Questionnaire

Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?

Dúirt quiz ar Facebook go raibh mé cosúil le hAlbert Einstein agus Evil Knievil, ach níl mé ro chinnte faoi sin!

Cén duine beo is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Máire Mhic Giolla Íosa, Brendan Halligan, agus Caroline Ní Loinsigh.

Cén tréith atá agat féin is mó nach dtaitníonn leat?

D’fhéadfainn m’am pearsanta a úsáid níos fearr.

Cén rabairne is mó atá agat?

Ag céannacht iomarca éadach agus bróga.

Cén turas is fearr leat?

Ag tiomáint ó Boston go Cape Cod le mo chuid cairde.

Cén uair a insíonn tú bréag?

Mise ag insint bréaga? Díreach ansin.

Cén duine beo is mó a bhfuil drochmheas agat air/uirthi?

Níl dóigh liom go mbeidh aithne agaibh ar an duine seo.

Cén rud nó duine is mó a bhfuil grá agat dó i do shaol?

M’athair, mo mháthair agus mo cheithre deirfiúracha gleoite.

Cén uair agus cén áit is sona a bhí tú?

Le déanaí bhí mé amuigh ar Inis Óirr don chéad uair riamh agus bhí sé ar fheabhas. Tá muintir Inis Óirr go hálainn, bhí an chraic go maith agus bhí an aimsir go hiontach.

Cén bua is mó a ba mhaith leat bheith agat?

An piano a sheinm.

Céard é do mheon faoi láthair?

Tá meoin dearfach agam faoi láthair, ag súil go mór le Rith 2010!

Céard é an t-éacht is mó atá bainte amach agat dar leat?

Mo mháistreacht a bhaint amach.

Dá bhfaighfeá bás agus teacht ar ais mar dhuine nó rud, céard a cheapfá bheadh ann?

Níl clú agam! Taoiseach nó Lady Ga Ga!

Céard é an mhaoin is luachmhaire atá agat?

Mo shláinte.

Céard é an t-anó is measa, dar leat?

Bás agus briseadh chroí.

Cén caitheamh aimsire is fearr leat?

Peil Ghaelach, is breá liom é.

Cén tréith is fearr leat i bhfear?

Macánta, lách le hacmhainn grinn

Cén tréith is fearr leat i mbean?

Macánta, lách le hacmhainn grinn.

Cén scríbhneoir is fearr leat?

Pádraic Ó Conaire, Marian Keys, Joe Steve Ó Neachtain, agus Paulo Coelho.

Cén mana atá agat?

Dearfach i gcónaí.

Is cainteoir dúchais í Siobhán Seoighe, as Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí. Tá taithí aici i seirbhís chustaiméara leis an gcomhlacht árachais Hibernian agus mar bhainisteoir Forbartha Gnó le Gaelchultúr. Tá sí anois ag feidhmiú mar bhainisteoir imeachta le Rith 2010, www.rith.ie, féile nua náisiúnta a bheidh mar phríomh imeacht de Sheachtain Na Gaeilge i mbliana.

Ciarán Mac Gille Andrais

 

Page generated in 0.2808 seconds.