Gaeilge agus geilleagar na hÉireann

Is é téama Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana ná Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann. Leis an gcúlú eacnamaíochta ina chnámh spairne ag eagraíochtaí deonacha, agus ag an bpobal trí chéile, fud fad na tíre

Dúirt Pádraig Mac Fhearghusa, uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Sa ghátar eacnamaíoch ina bhfuilimid, beidh géarghá le luachanna pobail a chothú le go dtiocfaimis slán as, agus creideann an Conradh go bhfuil an Ghaeilge ag croílár na luachanna sin. Sna sála ar an mbuiséad an tseachtain seo caite is cinnte go mbeidh níos mó gá ná riamh le fiontraíocht agus le nuálaíocht a léiriú i dtaca le foinsí airgid úra a aimsiú, agus le dea-chleachtais thiomsú airgid a leagadh síos d’eagraíochtaí deonacha amhlaidh an Conradh.”

Tionólfar ard fheis an Chonartha 2009 san Aonach, Co Thiobraid Árann ón 8 - 10 Bealtaine. Is é an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin a thabharfaidh caint na h-ard fheise agus is é ‘Fiúntas na Gaeilge sa Ré Nuálaíoch – Ról Radacach don Chonradh’ teideal a óráide.

Is iar-ollamh é Fionnbarra de Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, d'Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus d'Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, agus is cinnte gur caint spreagúil a bheas aige don slua.

Tá gach eolas ar fáil ó www.cnag.ie

 

Page generated in 0.3453 seconds.