Féile Joe Éinniu i gCarna

Reáchtálfar féile chomórtha Joe Éinniú i gCarna ón 1 – 3 Bealtaine. Déanann an fhéile seo, atá ar an bhfód ó 1986, comóradh ar shaol agus ar shaothar ceoil an amhránaí chlúití ón Aird Thoir, a bhásaigh i Seattle, SA, agus atá curtha ina pharóiste dúchais. Cuimhneachán cúig bhliana fichead atá i bhféile na bliana seo mar gur i 1984 a d’éag sé in aois a cheithre bliana agus trí scór.

Tugtar tús áite san fhéile don amhránaíocht ar an sean nós agus d’amhránaíocht thraidisiúnta i dteanga ar bith ach cuirtear fáilte freisin roimh an gceol uirlise agus an damhsa.

Is iad príomhimeachtaí an chláir i mbliana — seisiúin cheoil agus amhránaíochta, ómós speisialta do Dara Bán Mac Donncha a bhásaigh anuraidh, ceardlanna amhránaíochta agus damhsa ar an sean nós, seoladh dlúthdhiosca nua de chuid Rosie Stewart, cuairt ar uaigh Joe Éinniú, comórtas amhránaíochta do dhaoine óga, céilí agus seiteanna, agus ceolchoirm mhór na féile le Alan McDonald (Alban ), Muintir Uí Iarnáin (Marcus, PJ, Domhnaill, Séamus, Proinsias, Breandán agus Labhrás ), Mick O’Brien agus a chomhluadar, Jimmy Ó Ceannabháin, Caoimhín Ó Raghallaigh, Seán agus Kevin Abeyta, Mick Mulkerrins, Danny O’Mahoney, Patsy Broderick, Conall Ó Flatharta agus Rónán Ó Ceannabháin, Ciarán Somers, Gearóid agus Pádraic Ó Dubháin, Lillis Ó Laoire, Pádraic Tom Pheaits Ó Ceannabháin, Mairéad Ní Oistín, Nathan Polatski, Liz agus Yvonne Keane.

Tá tuilleadh eolais le fáil ó Mhicheál Ó Cuaig ag 095 33599 nó [email protected]

 

Page generated in 0.3094 seconds.