Ceiliúradh ar Raifteirí

Tabharfar ardán faoi leith don óige ag Féile Raifteirí na bliana seo le hOíche na nÓg a bheidh ar siúl ar an Déardaoin 17 Bealtaine sa Phlaza, Cill Tullach, ar an M6. Mar chuid den chlár imeachtaí cuirfear fáilte roimh Oisín Mac, fear óg as Cill Mhantáin atá ag baint cáil amach do féin mar rapaire Gaelach agus fear a raibh aitheanta freisin ag Gradaim Ceoil Nós. Beidh an ócáid seo ar siúl ó 7.30 – 9.00in agus bronnfar duaiseanna Chomórtas Raifteirí ag an ócáid chéanna.

Mar chuid d’Fhéile Raifteirí na bliana seo freisin eagrófar Oíche Mhór Litríochta ar an gCéadaoin 16 Bealtaine. Cuirfear tús leis an oíche ag 7.00in leis an gClub leabhair, áit a mbeidh filíocht Raifteirí, Uí Ríordáin agus Uí Mhaonaigh á phlé. Ag 8.00in tabharfaidh an tOllamh Fionntán de Brún léacht ar Raifteirí agus Athbheochan Litríocht na Gaeilge. Cuirfear críoch bhreá leis an oíche litríochta nuair a sheolfaidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Neil Comer, an leabhar Amhráin agus dánta Raifteirí, leabhar cáiliúil Dhúghlas de hÍde, atá athchóirithe ag Nollaig Ó Muraíle agus foilsithe ag Futa Fata. Beidh an ócáid ar siúl san ionad Cúl an Tí, 3 Seanbhóthar na Gaillimhe, Baile Locha Riach.

Cuirfear críoch leis an bhFéile Dé Domhnaigh 20 Bealtaine le cuairt ar uaigh Raifteirí ag 12.00 meán lae agus is féidir eolas iomlán a fháil ó [email protected].

 

Page generated in 0.3447 seconds.